Ó Riada Re-Imagined
Beidh cóiriú nua d’Aifreann Sheán Uí Riada le Dmitri Yanov-Yanovsky á chur i láthair ag EQ Singers in éineacht le Zoe Conway, fidil, Laoise Kelly, cruit, & Mel Mercier, bodhrán, faoi stiúir Eamonn Dougan in Eaglais na hÉireann San Nioclás (An Séipéal Glas) Dún Dealgan, Dé Sathairn an 10 Márta 2012. An t-amhránaí, Iarla Ó Lionáird, a bheidh ina aoi speisialta.
Ba é Seán Ó Riada a d’athmhúscail spéis i gceol traidisiúnta na hÉireann agus ceiliúrfaidh Louth Contemporary Music Society (LCMS) ceol an Riadaigh nuair a sheinnfear cóiriú nua dá aifreann i nDún Dealgan ar an 10 Márta 2012.
Ba é Dmitri Yanov-Yanovsky, cumadóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, a rinne an cóiriú nua. As Tashkent na hÚisbéacastáine dó, agus bhí sé ina chumadóir cónaithe in Ollscoil Harvard agus i gColáiste Dartmouth ar na mallaibh. Tá coimisiúin faighte ag Yanov-Yanovsky ó cheoltóirí cáiliúla, lena n-áirítear an dordveidhleadóir Yo-Yo Ma agus an Chicago Symphony Orchestra, an Kronos Quartet agus an Hilliard Ensemble. Seinneadh ceol Yanov-Yanovsky den chéad uair in Éirinn ag Ceolchoirm an Bhóthair Shíoda de chuid an LCMS ag Féile Ealaíon Dhroichead Átha sa bhliain 2011. Cóiriú do 16 ghuth, fidil, cruit agus bodhrán atá cumtha ag Yanov-Yanovsky. Is iad na hamhránaithe gairmiúla is fearr in Éirinn a chanfaidh an t-aifreann. Tiocfaidh siad le chéile mar na EQ Singers, in éineacht le Zoe Conway ar an bhfidil, Laoise Kelly ar an gcruit agus Mel Mercier ar an mbodhrán. Eamonn Dougan, Comhstiúrthóir an ensemble The Sixteen, ensemble a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, a stiúrfaidh an cór agus na ceoltóirí. In Eaglais na hÉireann San Nioclás (An Séipéal Glas), Dún Dealgan, Co. Lú a bheidh an taibhiú Dé Sathairn, an 10 Márta 2012 ar a hocht tráthnóna.
Canfaidh Iarla Ó Lionáird rogha iomann beannaithe roimh thaibhiú an chóir. Is ceart Iarla Ó Lionáird a bheith páirteach san ócáid seo ós i gCúil Aodha, Co. Chorcaí a chaith sé a óige agus ba mhinic a chomharsa, Seán Ó Riada, i dteach Uí Lionáird. Ball de chór Uí Riada ab ea Iarla óna óige go dtí go raibh sé ina fhichidí luatha.
Lena chois sin, tabharfaidh Tomás Ó Canainn, údar ‘Seán Ó Riada – His Life and Work’ caint ar an Riadach, ar a cheol agus ar na haifrinn, sa Spás, Halla an Bhaile, Sráid Crowe, Dún Dealgan ar an Satharn, an 10 Márta 2012, ar a cúig tráthnóna. Ní bheidh aon táille isteach ach moltar ticéad a chur in áirithe.
Beidh ceardlann chórúil á reáchtáil ag Eamonn Dougan, Comhstiúrthóir The Sixteen, d’amhránaithe amaitéaracha maidin an 10 Márta 2012. Taiscéalfaidh na hamhránaithe rogha píosaí agus ina theannta sin oibreoidh siad ar théamh an ghutha, ar theicnící anála, ar thiúnadh agus ar chumasc guthanna. Gheofar sonraí eile ar an gceardlann ach ríomhphost a chur chuig choralworkshop@me.com.
Cúig euro déag a bheidh ar na ticéid don cheolchoirm agus gheofar iad ó centralticketbureau.com
Is é Scéim DEIS na Comhairle Ealaíon a mhaoinigh Aifreann Uí Riada agus faigheann sé tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Create Louth.
Gheofar eolas breise thíos agus ar www.louthcms.org
LIOSTÁLACHA:
Eaglais na hÉireann San Nioclás (An Séipéal Glas), Dún Dealgan, Co. Lú?Dé Sathairn 10 Márta 2012 | 8.00 pm | €15?Ticéid – 0818 205 205 | www.centralticketbureau.com
D’EOLAS DO NA MEÁIN NÓ DO PHICTIÚIR CUIR GLAO AR?Eamonn Quinn T: +353 86 2632408 | R: eamonn@louthcms.org




