-
dayhoursminsec0
- 0
- 0
- 0
Chun iarratas a dhéanamh, íoslódáil an PDF thíos a bhaineann leat, líon isteach an fhoirm agus cuir ar ais í leis an bpost nó de láimh chuig An Oifig Ealaíon, Comhairle Contae Lú, Halla an Bhaile, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú.
Ní mór gach iarratas, is cuma cén seoladh i Lú atá ag an iarratasóir, a chur chuig An Oifig Ealaíon, Comhairle Contae Lú, Halla an Bhaile, Sráid Crowe, Dún Dealgan, Co. Lú.
Féach chuige go mbíonn na nithe seo a leanas ag gabháil leis an iarratas:
- I gcás eagraíochtaí, ainm, seoladh agus uimhir theagmhála an chathaoirligh, an rúnaí agus an chisteora.
- Sonraí gach foinse cistiúcháin eile, ar nós íocaíochtaí deonacha, deontais srl.
- Uimhir Charthanais / Uimhir Thagartha Cánach, más ann.
Féadfaidh Comhairle Contae Lú tuilleadh faisnéise a lorg i dtaca le hiarratas, ach is faoin iarratasóir atá sé gach faisnéis iarrtha a chur isteach agus measfar iarratas a bheith neamh-incháilithe mura mbíonn an t-iarratas líonta isteach i gceist agus gach rud iarrtha ag gabháil leis. Ní mór cónaí i gContae Lú a bheith ar gach iarratasóir, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.